Tuismitheoirí agus Caomhnóirí na Chéad Bhliana

Comhghairdeas! Beidh do mhac nó d’iníon ag dul isteach san Ollscoil. Tá sé saothraithe go maith agaibhse, mar thuismitheoirí nó mar chaomhnóirí, á spreagadh, á gcothú agus á dtreorú, gan trácht ar an iarracht ar fad a rinne siad féin.

I gcás fhormhór na dtuismitheoirí, is minic imní orthu chomh maith le bród agus lúcháir nuair a théann mac nó iníon ar an ollscoil.  Ní mar a chéile aon dá theaghlach ná aon bheirt i dteaghlach. Tá a ndúshláin, áthas, ionchais agus imní féin orthu.

Má tá aon cheist agat is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an mbeolíne do mhic léinn na chéad bhliana ar 091 493999.

Athruithe sa Chaidreamh

Nuair a théann mic léinn chuig an ollscoil den chéad uair, tagann siad in inmhe agus léiríonn siad neamhspleáchas thar oíche beagnach. Cruthaíonn siad córais tacaíochta taobh amuigh den teaghlach agus bíonn a spéiseanna féin acu agus forbraíonn siad a gcumas réiteach fadhbanna. Is minic a mbíonn an tréimhse seo lán le mothúcháin don tuismitheoir agus don mhac léinn araon. Tá súil againn gur mó áthais ná imní a bheas i gceist áfach.

Tá an t-aistriú chuig oideachas tríú leibhéal casta – bíonn sé spreagúil agus scanrúil ag an am céanna do mhic léinn agus do thuismitheoirí araon.  Is athrú mór é duit féin agus do do mhac léinn.  An féidir cothromaíocht a aimsiú idir a bheith páirteach mar thuismitheoir, agus neamhspleáchas a spreagadh?

Le tuilleadh eolais a fháil téigh chuig an leathanach Athruithe sa Chaidreamh.

Airgeadas na Mac Léinn

Eolas ar tháillí cúrsaí, roghanna maoinithe, agus an costas maireachtála i nGaillimh agus tacaíochtaí airgeadais do staidéar Ollscoile.

Le tuilleadh eolais a fháil téigh chuig http://www.nuigalway.ie/student-life/financial-matters/

Cén tacaíocht a bheas ar fáil san Ollscoil dóibh?

Tá raon áiseanna agus tacaíochtaí ar fáil do mhic léinn fochéime.

Le tuilleadh eolais a fháil téigh chuig http://www.nuigalway.ie/university-life/