Is deiseanna foghlama nua iad na cúrsaí micridhintiúr atá á bhforbairt anseo in Ollscoil na Gaillimhe. Is modúil ghearra chreidiúnaithe d’fhorbairt ghairmiúil iad agus is cur chuige nuálaíoch iad maidir le foghlaim ar feadh an tsaoil.

Fóirdheontas táillí nua le haghaidh Micridhintiúr, 2024/25

Tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil ciste mór don Fhóirdheontas Micridhintiúr d’Fhoghlaimeoirí bronnta ar Thionscadal Micridhintiúr Ollscoil na Gaillimhe chun tacú le foghlaimeoirí fásta atá ag filleadh ar an Ardoideachas nó ag tosú amach san Ardoideachas. Faoi Cholún 3 HCI, cuireann an fóirdheontas ráta 80% ar fáil do chúrsaí a thugann aghaidh ar scileanna i bpríomhréimsí tosaíochta, lena n-áirítear fuinneamh in-athnuaite, inbhuanaitheacht, tógáil agus pleanáil, intleacht shaorga, cibearshlándáil, TFC, agus innealtóireacht leictreonach. Soláthróidh cúrsaí eile ráta fóirdheontais foghlaimeora 50%. Tuilleadh eolais anseo.

Micro-credentials HCI Subsidy Logo

Rannpháirtíocht Fiontair

Tá stair shaibhir rannpháirtíochta ag Ollscoil na Gaillimhe le fiontar agus le tionscal agus tá sé mar aidhm ag an tionscadal Micridhintiúr tógáil air sin. Trí oibriú le comhpháirtithe sna hearnálacha seo, féadfaidh an Ollscoil a chinntiú go bhfuil sí ag cur le riachtanais agus scileanna an fhórsa saothair amach anseo.

Tuilleadh eolais